Lúcás 1:26-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat

27. chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.

28. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”

29. Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.

30. Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.

31. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

32. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,

33. agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

34. Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”

35. Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

36. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.

37. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”

38. Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail.” Agus d'imigh an t‑aingeal uaithi.

39. Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,

40. agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d'Eiliosaibeit.

41. Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,

42. agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

43. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?

44. Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.

45. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

Lúcás 1