15. Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,
16. agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia.
17. Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”
18. Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.”
19. Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.
20. Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”
21. Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir.
22. Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.
23. Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.
24. Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,
25. ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”