6. Dúirt Maois: “Is é seo a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh, d'fhonn go bhfoilseofaí a ghlóir daoibh.”
7. Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Téigh chun na haltóra agus ofráil d'íobairt pheaca, agus d'íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna.”
8. Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin.
9. Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.