15. Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d'ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.
16. Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.
17. An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.
18. Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
19. Saill an daimh agus an reithe - an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae -