Léivític 8:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Chuir sé an lúireach air agus shocraigh inti an tÚirím agus an Tuimím.

9. Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

10. Fuair Maois an criosma ansin agus rinne an taibearnacal agus a raibh ann a ungadh agus a choisreacan.

11. Chroith sé cuid de seacht n‑uaire ar an altóir agus rinne an altóir agus a ghréithe, agus an t‑umar gona bhonn a ungadh á gcoisreacan.

12. Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.

13. Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

14. Ansin thug sé tarbh an íobairt pheaca i láthair, agus leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an tairbh sin.

15. Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.

16. Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir.

17. Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Léivític 8