5. Agus dúirt Maois leis an gcomhthionól: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna a dhéanamh.”
6. Rug Maois Árón agus a chlann mhac os a gcomhair agus nigh iad le huisce.
7. Chuir sé an t‑ionar air, chuir an crios faoina choim, chuir an fhallaing uime agus chuir an t‑éafód air.
8. Chuir sé an lúireach air agus shocraigh inti an tÚirím agus an Tuimím.
9. Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
10. Fuair Maois an criosma ansin agus rinne an taibearnacal agus a raibh ann a ungadh agus a choisreacan.
11. Chroith sé cuid de seacht n‑uaire ar an altóir agus rinne an altóir agus a ghréithe, agus an t‑umar gona bhonn a ungadh á gcoisreacan.
12. Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.
13. Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
14. Ansin thug sé tarbh an íobairt pheaca i láthair, agus leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an tairbh sin.
15. Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.
16. Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir.
17. Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
18. Ansin thug sé an reithe don íobairt uileloiscthe i láthair. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.
19. Mharaigh Maois é agus dhoirt a chuid fola ar imill na haltóra.
20. Ansin rinne sé ceathrúna den reithe, dhóigh sé an ceann, na spólaí agus an tsaill.
21. Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22. Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d'íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.