Léivític 8:30-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.

31. Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!

32. A mbíonn fágtha den fheoil agus den arán, déanaigí é a dhó.

33. Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

34. D'ordaigh an Tiarna dúinn déanamh mar a rinneamar inniu ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar bhur son.

35. Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”

36. Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois.

Léivític 8