Léivític 8:21-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d'íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.

23. Ansin mharaigh Maois é, agus thóg cuid den fhuil agus chuir ar mhaothán cluaise deise Árón í, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

24. Ansin tugadh clann mhac Árón i láthair agus chuir Maois cuid den fhuil ar mhaothán a gcluaise deise, ar ordóg a láimhe deise agus ar ordóg a gcoise deise. Agus dhoirt Maois an chuid eile den fhuil ar imill na haltóra.

25. Ansin thóg sé an tsaill: an t‑eireaball méith, an tsaill ar an ionathar, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus an cheathrú dheas.

26. As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas,

27. agus chuir sé an t‑iomlán i lámha Árón agus a mhac agus rinne iad a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna.

28. Ansin ghlac Maois ar ais óna lámha iad agus loisc ar an altóir iad fara an íobairt uileloiscthe. Ba í seo íobairt an insealbhaithe a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna. Ba íobairt dhóite don Tiarna í.

29. Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

30. Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.

31. Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!

32. A mbíonn fágtha den fheoil agus den arán, déanaigí é a dhó.

33. Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

Léivític 8