13. Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
14. Ansin thug sé tarbh an íobairt pheaca i láthair, agus leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an tairbh sin.
15. Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.
16. Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir.
17. Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
18. Ansin thug sé an reithe don íobairt uileloiscthe i láthair. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.
19. Mharaigh Maois é agus dhoirt a chuid fola ar imill na haltóra.
20. Ansin rinne sé ceathrúna den reithe, dhóigh sé an ceann, na spólaí agus an tsaill.
21. Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22. Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d'íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.