Léivític 8:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.

3. Gair an comhthionól go léir le chéile ansin ag doras Bhoth na Teagmhála.”

4. Rinne Maois de réir mar d'ordaigh an Tiarna dó; chruinnigh an comhthionól ag doras Bhoth na Teagmhála.

5. Agus dúirt Maois leis an gcomhthionól: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna a dhéanamh.”

Léivític 8