18. Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.”
19. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
20. “Sí seo an íobairt nach foláir d'Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n‑ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna.
21. Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
22. An sagart ar chlann Árón atá le hungadh ina áit, déanadh sé mar an gcéanna. Dlí síoraí é seo. Ní foláir an t‑iomlán a loscadh don Tiarna.
23. Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.”
24. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
25. “Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair:Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa.
26. An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.
27. Aon ní a bhainfidh le feoil an íobarthaigh seo, beidh sé naofa; má stealltar aon bhraon dá fhuil ar éadach, ní foláir an smál a ní in áit naofa éigin.
28. An soitheach cré ina mbruitear an fheoil, ní foláir é a smiotadh; ach más i soitheach cré-umha a dhéantar í a bhruith, tá sin le sciúradh agus le ní le huisce.
29. Gach fireannach sagairt, is ceadmhach dó í a ithe; tá sí sárnaofa.
30. Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d'aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.