Léivític 5:2-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. nó má bhaineann duine le rud neamhghlan - cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn - agus go n‑éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;

3. nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;

4. nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -

5. má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,

6. agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread - caora nó gabhar - mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.

7. Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.

Léivític 5