Léivític 5:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n‑iompar aige;

2. nó má bhaineann duine le rud neamhghlan - cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn - agus go n‑éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;

3. nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;

4. nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -

5. má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,

Léivític 5