Léivític 4:19-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ansin baineadh sé an tsaill go léir as an ainmhí agus dódh sé í ar an altóir.

20. Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.

21. Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.

22. Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,

23. nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.

24. Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo.

25. Ansin tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe.

26. Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.

27. Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna,

28. nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail.

Léivític 4