Léivític 4:18-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.

19. Ansin baineadh sé an tsaill go léir as an ainmhí agus dódh sé í ar an altóir.

20. Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.

21. Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.

22. Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,

23. nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.

Léivític 4