10. an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin.
11. Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.
12. Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna,
13. agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra.
14. Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna an méid seo de: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,
15. an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé óna duáin.
16. Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach.Leis an Tiarna an tsaill go léir.