1. Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail.
2. Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.
3. Ní foláir dó cuid den íobairt chomaoineach a ofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,