Léivític 26:25-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Seolfaidh mé an claíomh in bhur n‑aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.

26. Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.

27. Agus mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, ach cur i m'aghaidh,

28. cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.

29. Íosfaidh sibh feoil bhur mac féin agus íosfaidh sibh feoil bhur n‑iníonacha féin.

30. Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.

31. Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.

32. Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.

33. Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.

34. Beidh a shabóidí ag bhur bhfearann ansin gan amhras agus é bánaithe agus sibhse i gcríocha bhur naimhde. Beidh suaimhneas agus sabóidí ansin gan amhras ag an bhfearann.

35. Fad a fhágfar bánaithe é, beidh suaimhneas aige, rud nach raibh aige le linn bhur sabóidíse nuair a bhí cónaí oraibh ann.

36. Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.

37. Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde.

38. Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh.

39. A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n‑aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.

40. Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n‑aithreacha trína ndearnadar feall i m'aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,

41. i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,

Léivític 26