1. Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.
2. Coimeádaigí mo shabóidí agus tugaigí onóir do mo shanctóir. Mise an Tiarna.
3. Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m'aitheanta agus iad a chomhlíonadh,
4. tabharfaidh mé an fhearthainn is gá daoibh in am agus i dtráth; tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh agus crainn an mhachaire a gcnuas.
5. Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.
6. Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.
7. Rachaidh sibh sa tóir ar bhur naimhde agus titfidh siad de rinn bhur gclaímh.
8. Rachaidh cúigear agaibh sa tóir ar chéad agus céad agaibh sa tóir ar dheich míle; agus titfidh bhur naimhde de rinn bhur gclaímh.