Léivític 23:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Seo iad féilte sollúnta an Tiarna, na tionóil naofa dá ngairfidh sibh clann Iosrael ar an lá ceaptha.

5. An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna.

6. An cúigiú lá déag den mhí chéanna féile an tSlimaráin ag an Tiarna; ithigí arán slim ar feadh seacht lá.

7. An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh.

8. Ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna ar feadh seacht lá; bíodh comhthionól naofa agaibh an seachtú lá, gan aon obair a dhéanamh.”

9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

10. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.

11. Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d'fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo.

12. An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

13. Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.

14. Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

15. Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.

16. Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna.

Léivític 23