39. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t‑ochtú lá ina lánsaoire.
40. An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.
41. Déanaigí feile a cheiliúradh don Tiarna ar an gcuma sin ar feadh seacht lá gach bliain. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht. Ceiliúraigí í sa seachtú mí.
42. Mairigí faoi scáthláin ar feadh seacht lá; maireadh gach Iosraelach dúchais faoi scáthláin,
43. i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d'iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.”
44. Thug Maois tuairisc ar fhéilte sollúnta an Tiarna do chlann Iosrael ar an gcuma sin.