Léivític 23:27-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. “An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

28. Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.

29. Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal;

30. aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é.

31. Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

32. Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.”

33. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

34. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.

35. Lá comhthionóil naofa an chéad lá; ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

36. Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

Léivític 23