Léivític 23:23-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le clann Iosrael agus abair:

24. An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.

25. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.”

26. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Léivític 23