Léivític 23:13-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.

14. Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

15. Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.

16. Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna.

17. Tugaigí libh ó bhur dtithe, le cur i láthair mar dhleacht ar leith, dhá bhuilín fuinte as dhá dheachú dephlúr mín bruite le gabháile; céadtorthaí don Tiarna iadsan.

18. Fara an arán, ofrálaigí seacht n‑uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.

19. Ofrálaigí pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca, agus dhá uan bhliana fhireanna mar íobairt chomaoineach.

20. Cuireadh an sagart i láthair an Tiarna iad mar dhleacht ar leith, mar aon le harán na gcéadtorthaí. Is nithe naofa don Tiarna iadsan agus an dá uan agus fillidís ar an sagart.

21. Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.

22. Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.”

23. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le clann Iosrael agus abair:

24. An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.

25. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.”

26. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

27. “An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

28. Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.

29. Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal;

30. aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é.

Léivític 23