Léivític 22:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d'fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna.

9. Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.

10. Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.

11. Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.

12. Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.

13. Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.

14. Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis.

15. Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna;

16. d'fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d'éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

18. “Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael:Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,

Léivític 22