Léivític 22:23-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.

24. Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin

25. agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d'fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.”

26. Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt:

27. “Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

28. Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg.

29. Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.

30. Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.

31. “Coimeádaigí m'aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna.

32. Ná truailligí m'ainm naofa d'fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh.

33. Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.”

Léivític 22