18. “Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael:Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,
19. ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar.
20. Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son.
21. Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t‑ainmhí - más den tréad nó den táin é - foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.
22. Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d'ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
23. Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.
24. Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin
25. agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d'fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.”
26. Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt:
27. “Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
28. Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg.
29. Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.
30. Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.