Léivític 22:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.

11. Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.

12. Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.

13. Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.

14. Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis.

15. Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna;

16. d'fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d'éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

18. “Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael:Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,

19. ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar.

20. Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son.

21. Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t‑ainmhí - más den tréad nó den táin é - foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.

Léivític 22