2. seachas na gaolta is gaire dhó - a mháthair nó a athair nó a mhac nó a iníon, nó a dheartháir.
3. Ní miste dó dul faoi neamhghlaine ar son a dheirféar más ógh í; is gairid é a gaol leis mar go bhfuil sí fós gan céile fir.
4. Ná déanadh sé é féin a thruailliú ar son [deirféar] pósta; d'fhágfadh sin neamhghlan é.
5. Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp.
6. Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
7. Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.
8. Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.
9. Má thruaillíonn iníon sagairt ar bith í féin le striapachas, truaillíonn sí a hathair agus ní foláir í a loscadh le tine.
10. “An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.
11. Ná téadh sé i ngar corpáin; ná déanadh sé é féin neamhghlan fiú ar son a athar ná a mháthar.
12. Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna.
13. “Bean atá fós ina maighdean ní foláir dó a ghabháil chuige mar chéile.