Léivític 20:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Coisricigí sibh féin dá bhrí sin agus bígí naofa óir is mise an Tiarna bhur nDia.

8. Coimeádaigí mo dhlíthe agus leanaigí iad, óir is mise an Tiarna a dhéanann naofa sibh.

9. Uime sin:Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin.

10. Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.

11. Fear a luíonn le bean a athar, bhain sé an folach de nochtacht a athar. Cuirtear iad araon chun báis; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

12. Fear a luíonn le bean a mhic: cuirtear iad araon chun báis. Thruaillíodar a chéile; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

13. Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

14. Fear a ghabhann chuige bean agus a hiníon: sin corbadh. Loisctear le tine iad, eisean agus iadsan; ná bíodh aon chorbadh in bhur measc.

15. Fear a luíonn le hainmhí: cuirtear chun báis é agus maraítear an t‑ainmhí chomh maith.

16. Bean a dhruideann le hainmhí chun luí leis: maraítear an bhean agus an t‑ainmhí. Ní foláir iad a mharú; bíodh a bhfuil sa mhullach orthu féin.

Léivític 20