10. Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.
11. Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna.
12. Ní miste iad a thabhairt chun an Tiarna mar ofráil chéadtorthaí ach nílid le dul suas mar chumhracht thaitneamhach ar an altóir.
13. Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt.
14. Más céadtorthaí a bhíonn á n‑ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.
15. Cuir ola leis agus túis chumhra air; is abhlann é.
16. Mar chuid chuimhnithe, dódh an sagart cuid den ghrán meilte agus den ola agus an túis chumhra go léir; is íobairt dhóite don Tiarna í.