5. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.
6. Ní ceadmhach d'aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna.
7. Ná bain an folach de nochtacht d'athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht.
8. Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í.
9. Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d'athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht.
10. Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d'iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan.
11. Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d'athar a gineadh ó d'athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht.
12. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar; óir sí feoil d'athar í.
13. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í.
14. Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d'athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d'aintín í.
15. Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht.
16. Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.
17. Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin.