Léivític 18:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.

17. Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin.

18. Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.

19. Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa.

20. Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d'fhágfadh sin neamhghlan thú.

21. Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.

22. Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.

23. Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.

24. Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú.

25. Truaillíodh an talamh; d'agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de.

26. Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin.

27. Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.

Léivític 18