1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. “Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo:Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú:
3. Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,
4. ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.