Léivític 16:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.

5. “Faigheadh sé dhá phocán gabhair d'íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael.

6. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca ar a shon féin agus ceiliúradh sé gnás an leorghnímh ar a shon féin agus ar son a theaghlaigh.

7. Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála.

8. Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael.

9. An pocán ar a dtitfidh crann an Tiarna, tugadh sé i láthair é agus ofráladh sé é mar íobairt pheaca,

10. ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t‑anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael.

11. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca dó féin, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh dó féin agus dá mhuintir; maraíodh sé an tarbh mar íobairt pheaca dó féin.

Léivític 16