29. Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.
30. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d'fhág neamhghlan í.
31. Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc.
32. Sin é an dlí do fhear an tsilte agus d'fhear sceite a shíl agus go mbíonn sé neamhghlan dá bharr;
33. don bhean is neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa; do fhear nó do bhean le sileadh, agus d'fhear a luíonn le bean neamhghlan.