Léivític 15:27-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

28. Nuair a thriomaíonn a sceith, fanadh sí seacht lá, agus ansin bíodh sí glan.

29. Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.

30. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d'fhág neamhghlan í.

Léivític 15