24. Má luíonn aon fhear léi, tógfaidh sé an neamhghlaine uaithi. Bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Aon leaba ar a luífidh sé, bíodh sí neamhghlan.
25. Má sceitheann bean fuil ar feadh a lán laethanta lasmuigh dá cúrsaí míosa, nó má bhíonn breis faid lena cúrsaí, bíodh an neamhghlaine chéanna ag roinnt léi, le linn an sceite, agus a bheadh le linn a cúrsaí míosa.
26. Aon leaba ar a luífidh sí fad a mhaireann an sceith seo, gurb é an dála céanna aici agus ag an leaba ar a luíonn sí le linn a cúrsaí míosa. Aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan dála neamhghlaine a cúrsaí.
27. Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.