Léivític 15:10-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

11. Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.

12. Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce.

13. Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan.

14. Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.

15. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.

16. Nuair a sceitheann fear a shíol, déanadh sé a chorp go léir a ionladh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

17. Aon bhall éadaigh nó leathair a mbainfidh an sceith síl leis, ní foláir é a ní le huisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

18. Má luíonn fear le bean agus go sceitheann síol, déanaidís araon iad féin a ionladh, agus beidh siad neamhghlan go nóin.

19. Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.

20. Aon leaba ar a luífidh sí agus í mar seo, bíodh sí neamhghlan; aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan go nóin.

21. Aon duine a bhainfidh lena leaba, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

22. Aon duine a bhainfidh le haon stól ar ar shuigh sí déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

23. Má bhíonn aon ní ar an leaba nó ar an stól ar ar shuigh sí, agus go mbaineann duine leis, bíodh sé neamhghlan go nóin.

24. Má luíonn aon fhear léi, tógfaidh sé an neamhghlaine uaithi. Bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Aon leaba ar a luífidh sé, bíodh sí neamhghlan.

Léivític 15