1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2. “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair leo:Nuair a tharlaíonn sileadh ó chorp fir, is neamhghlan é an sileadh sin.
3. Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan.
4. An leaba ar a luíonn an fear, agus aon suíochán ar a suíonn sé, bíodh sé neamhghlan.
5. Aon duine a bhaineann lena leaba, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
6. Aon duine a shuíonn ar shuíochán ar ar shuigh fear an tsilte, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
7. Aon duine a bhaineann le corp fir dá dtarlaíonn an sileadh, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
8. Má chaitheann fear an tsilte seile ar dhuine atá glan, ní foláir dósan a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
9. Aon diallait ina suíonn fear an tsilte, bíodh sí neamhghlan.
10. Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
11. Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.