8. Tar éis don sagart é a iniúchadh agus a dheimhniú gur leath an ghearb ar an gcraiceann, ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Lobhra í seo.”
9. “Nuair a bhuaileann lobhra duine, tugtar chun an tsagairt é.
10. Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má bhíonn at bán ar an gcraiceann agus léithe san fhionnadh dá bharr, agus fiolún ag borradh,
11. ansin is lobhra mharthanach atá ar an gcraiceann agus ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Níl sé lena choimeád ar leithrigh; tá sé neamhghlan gan aon agó.”
12. “Ach má leathann an lobhra ar fud an chnis ar fad, má bhreacann sí cneas an othair ó cheann go bonn, go bhfios don sagart,
13. ansin ní foláir don sagart an t‑othar a iniúchadh agus má fhaigheann sé amach go gclúdaíonn an lobhra an corp ar fad, fógraíodh sé an t‑othar glan. Ó tá an cneas go léir éirithe geal, tá sé glan.
14. Ach a luaithe a fheicfear fiolún air, bíodh sé neamhghlan.
15. Déanadh na sagairt a fhiolún a scrúdú agus an duine a fhógairt neamhghlan; tá an fiolún neamhghlan; is lobhra í.
16. Má ghealann an fiolún arís, téadh an duine go dtí an sagart.
17. Déanadh an sagart é a scrúdú, agus má fhaigheann sé amach go bhfuil an ball galair geal arís, fógraíodh sé an duine glan; tá sé glan.”
18. “Nuair a thagann neascóid ar chneas duine agus go leigheasann sí
19. ach go bhfágann sí ina háit at bán nó spota le luisne bhándearg, ansin taispeánadh an duine é féin don sagart.
20. Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid.
21. Ach arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart an fionnadh liath agus nach bhfuil sí dulta sa bheo, ach feo sa bhall galair, cuireadh sé an duine ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.