Léivític 13:43-59 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis,

44. fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”

45. “An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

46. Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

47. “Nuair a thagann lobhra ar éadach - bíodh sé d'olann nó de líon,

48. bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -

49. agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.

50. Déanadh an sagart an lot a scrúdú agus cuireadh sé an rud loite ar leithrigh ar feadh seacht lá.

51. Ar an seachtú lá, má fheiceann sé go bhfuil an lot leata ar an mball éadaigh, nó ar an ábhar, ar an tseithe nó ar an déantús leathair, cibé acu a bhíonn i gceist, is lobhra thógálach a bhíonn i gceist agus tá an rud féin neamhghlan.

52. Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”

53. “Ach arna scrúdú dó, má fhaigheann an sagart amach nár leath an lot ar an mball éadaigh, ar an ábhar, ar an mbrat, ná ar an déantús leathair cibé sórt é,

54. ansin ordaíodh an sagart an rud ina bhfuil an lot a ní agus cuireadh sé ar leithrigh é ar feadh seacht lá eile;

55. déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.”

56. “Ach má dhéanann an sagart é a iniúchadh agus go bhfaigheann sé amach go bhfuil an lot tráite tar éis a nite, gearradh sé anuas é den bhall éadaigh, den leathar, den ábhar nó den bhrat.

57. Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite.

58. Ach an ball éadaigh, an t‑ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan.

59. Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”

Léivític 13