30. scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.
31. Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t‑othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá,
32. agus ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an galar; murar leath an tine dhia agus má bhíonn sí gan fionnadh buí, agus gan í dulta sa bheo,
33. ansin bearradh an t‑othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile.
34. Ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an ball tinn agus mura bhfuil sé leata ar an gcneas, agus nach bhfuil sé dulta sa bheo de réir dealraimh, ansin fógraíodh an sagart glan é; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
35. Ach má leathann an tine dhia ar an gcneas tar éis a ghlanta,
36. ansin scrúdaíodh an sagart é, agus má bhíonn an tine dhia leata ar an gcneas dáiríre, fágann sin go bhfuil an t‑othar neamhghlan, agus ní gá don sagart an fionnadh buí a chuardach.
37. Ach má bhíonn an tine dhia ceansaithe dar leis, agus go mbíonn fionnadh dubh ag fás arís uirthi, fágann sin go bhfuil an tine dhia leigheasta. Tá sé glan. Fógraíodh an sagart glan é. ”
38. “Má sceitheann pucháin ar chneas fir nó mná, agus iad ina spotaí bána,
39. déanadh an sagart iniúchadh orthu; má bhíonn na pucháin bán mílítheach, is gríos a sceith ar an gcneas; tá an t‑othar glan.”
40. “Má thiteann gruaig a bhlaoisce de dhuine, bíonn sé pláitíneach, ach glan.
41. Má thiteann an ghruaig de chlár a éadain agus dá uiseanna, bíonn maoile éadain air, ach bíonn sé glan.
42. Ach má thagann fiolún bándearg ar a bhlaosc nó ar a éadan maol, sin lobhra ag teacht ar bhlaosc mhaol nó ar éadan maol an duine.
43. Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis,
44. fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”
45. “An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’
46. Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”