24. “Má bhíonn dó ar chneas duine agus go dtagann neascóid ar an dó, goirín geal bándearg nó báiteach bán,
25. ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist.
26. Ar an láimh eile mura bhfaigheann an sagart, arna iniúchadh, fionnadh liath ar an ngoirín, ná é dulta sa bheo, ach é ag feo, ansin cuireadh an sagart ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá.
27. Scrúdaiodh an sagart é ar an seachtú lá agus má bhíonn an galar leata ar an gcneas, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; lobhra atá i gceist.
28. Ach má fhanann an spota san aon áit, gan leathadh ar an gcneas, ach a bheith ag feo, fágann sin gur séideadh ón dó é. Fógraíodh an sagart an duine glan; níl i gceist ach créacht ón dó.”
29. “Nuair a bhíonn cneá ar cheann nó ar smig fir nó mná,
30. scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.
31. Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t‑othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá,
32. agus ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an galar; murar leath an tine dhia agus má bhíonn sí gan fionnadh buí, agus gan í dulta sa bheo,
33. ansin bearradh an t‑othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile.