Léivític 12:6-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.

7. Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon.

8. Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”

Léivític 12