Léivític 11:38-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh.

39. Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin.

40. Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

41. Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad.

42. Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad.

43. Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu.

44. Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.

45. Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise.

46. Sin é an dlí i dtaobh na n‑ainmhithe go léir, na n‑éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,

47. chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.”

Léivític 11