Léivític 11:27-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin.

28. An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.

29. Ar na míola beaga a bhíonn ag snámhaíl ar an talamh, bídís seo neamhghlan agaibh: an t‑eas, an luch, gach cineál earca,

30. an firéad, an cóa, an latáhá, an caimileon, agus an tinseámat.

31. Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin.

32. Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.

33. Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é.

34. Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan.

35. Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.

36. (Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan.

37. Má thiteann aon chuid dá gconablach ar shíol atá le cur, fanfaidh an síol glan.

38. Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh.

Léivític 11