15. gach cineál cruchóige;
16. an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;
17. an ceann cait, an fiach mara, an t‑ulchabhán,
18. an chearc uisce, an peileacán, an t‑iolar gréagach,
19. an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair.
20. Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach.
21. De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.
22. Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh;
23. ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach.
24. Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;
25. aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
26. Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan.
27. Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin.
28. An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.