Léivític 11:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.

13. Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu - ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! - an t‑iolar, an bhadhb, an coirneach;

14. an fiach, gach cineál préacháin;

15. gach cineál cruchóige;

16. an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;

17. an ceann cait, an fiach mara, an t‑ulchabhán,

18. an chearc uisce, an peileacán, an t‑iolar gréagach,

19. an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair.

20. Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach.

21. De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.

Léivític 11