Léivític 11:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt leo:

2. “Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí:Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún:

3. Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor.

4. Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;

5. an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb;

6. agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;

7. agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor.

8. Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh.

9. Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:

10. ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.

Léivític 11